Acts 19:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do ghlaodh cuid de na daoinibh é seo, agus cuid eile é siúd: óir do bhí an cruinniú i n‐achrann a chéile; gan a fhios bheith ag an gcuid ba mhó aca cad chuige a dtángadar le chéile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí duine á scairteadh seo agus duine eile á scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí duine dá scairteadh seo agus duine eile dá scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad.