Acts 19:33 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alecsandar, noch do thiomáineadar na Iuduighe rompa. Agus ar sméideadh Dhalecsandar lé na láimh, ag iarruidh éisdeachda, dob áill leis an tadhbhar dinnisin don phobal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thugadar Alecsander amach as lár an tsluaigh, na h‐Iúdaigh g‐á sháthadh rómpa. Agus do bhagair Alecsander a lámh ortha, d’fhonn pléidhe leis na daoinibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh á shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost d' fhonn é féin a chosaint os comhair an tslua.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh dá shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost dʼfhonn é féin a chosaint os comhair an tslua.