Acts 19:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chíuinaidh an cléireach an pobal, ag rádh, A luchd Ephesus, cía an duine ag nach bhfuil a fhios go nonóruigheann cathair na Nephésianach an bhaindía mhór Díana, agus a ní tháinic a núas o Iupiter?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chiúnuigh cléireach na cathrach an pobal, adubhairt sé, A fheara Eiféiseacha, cia h‐é an duine agaibh nach bhfuil a fhios aige gur ab ar chathair na nEiféiseach atá cúram teampaill Diana móire, agus na h‐íomháighe do thuit ó Iúpiter anuas?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach nuair a bhí an slua tugtha chun suaimhnis ag an gcléireach baile, dúirt sé leo, “A fheara na hEiféise, cá bhfuil an fear nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé de chúram ar chathair na nEiféiseach teampall an bhandé mhóir Artemis agus an naomhchloch a thit anuas ón spéir a choimeád?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: «A mhuintir Eifeasas,» ar seisean, «an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: “A mhuintir Eifeasas,” ar seisean, “an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Artaimís Mhór agus ar a híomhá a thit ó neamh?