Acts 19:38 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin má atá adhbhar ag Demétrius, agus ag luchd a cheirde atá na fhochuir, ar dhuine ar bith, atá an chúirt ar bhfaghal, agus atáid na húachdaráinn ann: éilighidis féin a chéile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má tá ag Demétrius, agus ag na ceárdaidhthibh atá i bpáirt leis, cúis i n‐aghaidh aon duine, atá na cúirteanna ann, agus atá próconsúil ann: pléidhidís an cheist le chéile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin de, má tá ábhar casaoide in aghaidh aon duine ag Demetrius nó ag na ceardaithe atá aige, tá na cúirteanna dlí ann, agus iad ar oscailt rompu, agus tá prochonsail ann, agus féadann siad an dlí a chur ar a chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá réir sin má tá aon chúis ag Déimitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá réir sin má tá aon chúis ag Déiméitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd.