Acts 19:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Pól, Go deimhin do bhaisd Eóin lé baisdeadh na haithrighe, ag rádh ris an bpobal, creideamh ann sa té do thiocfadh na dhiáigh féin, eadhon, a Níosa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Pól, Do bhaist Eoin le baisteadh na h‐aithrighe, g‐á radh leis na daoinibh creideamhain san té do bhí le teacht ’n‐a dhiaidh, is é sin, i nÍosa.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus arsa Pól, “Bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le baiste na haithrí, agus ag insint do na daoine go gcaithfeadh siad creideamh sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Pól leo: «Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Pól leo: “Is baisteadh aithrí a dhéanadh Eoin agus deireadh sé leis an bpobal nárbh fholáir dóibh creidiúint sa té a bhí le teacht ina dhiaidh, is é sin in Íosa.”