Acts 19:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul dósan a steach don tsinagóig, do labhuir sé go dána, ar feadh thrí míos, ag diosbóireachd agus ag cruthúghadh na neitheann bheanus ré rioghachd Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh sé isteach san tsionagóig, agus bhí sé ag labhairt go dána ar feadh trí mí, ag diospóireacht agus ag léir‐mhíniú i dtaobh ríoghachta Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh sé isteach sa tsionagóg ansin, agus labhair sé go neamheaglach i rith trí mhí, ag díospóireacht agus ag pléchúis ríocht Dé;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar ríocht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug Pól trí mhí ag dul isteach sa tsionagóg, ag labhairt go dána leis an bpobal, ag argóint agus ag áiteamh leo mar gheall ar Ríocht Dé.