Acts 19:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tráth do chrúaidheadar dream aca, agus nach ccreidfidis, achd go labhraidís go holc ar a tslighe sin a bhfíadhnuisi an phobúil, do imthigh Pól úatha, agus do dhealuigh sé na deisciobail, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd gach éunlá a sgoil dhuine áirighe dár bhainm Tiránnus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhí cuid aca d’éirigh dúr agus easumhal, ag labhairt go h‐olc i dtaobh na Slighe os cómhair an tsluaigh, agus d’imthigh sé uatha, agus do dhealuigh sé na deisceabail uatha, ag argóint go laetheamhail i scoil Thurannuis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach nuair a bhí cuid acu cruamhuineálach díchreidmheach, agus iad ag cáineadh na Slí os comhair an chomhthionóil, dhealaigh sé leo ansin, ag tabhairt na ndeisceabal leis, go ndearna díospóireacht ó lá go lá in áras Thiranais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, d' fhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thuránais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, dʼfhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thioranas.