Acts 2:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tíocfuigh chum críche ann sna laéthibh déigheanacha (a deir Día,) dóirtfidh mé dom Spiorad féin air gach uile fheóil: agus do dhéunuid bhur mic agus bhur ningheana fáidheadóireachd, agus do chífid bhur nógánaigh taisbéunta, agus bhur seandáoine aislingthe:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ins na Laethibh deireannacha, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gach feoil: Do‐ghéanaidh bhúr gclann‐mhac agus bhúr gclanninghean tarngaireacht, Agus chífidh bhúr n‐ógánaigh aislingí, Agus béidh taidhbhridhthe ag bhúr seanóiribh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
‘Nochtann Dia a dtarlóidh i laethanta deiridh an domhain, go ndoirtfidh mé mo Spiorad ar an Ádhamhchlann uile, agus beidh bhur gclann mhac agus iníonacha ag déanamh fáistine, agus beidh aislingí le feiceáil ag bhur bhfir óga, agus brionglóidi ag bhur seandaoine;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
' Tarlóidh sna laethanta deireanacha,' arsa an Tiarna, ' go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
‘Tarlóidh sna laethanta deireanacha,’ arsa an Tiarna, ‘go ndoirtfidh mé amach mo spiorad ar an uile dhuine, agus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n-iníonacha tairngreacht. Feicfidh bhur bhfir óga aislingí, agus déanfar taibhreamh do bhur seanóirí.