Acts 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus foillseochuidh mé iongantuis ar neamh shúas, agus comarthaidhe ar a dtalamh shíos; fuil, agus teine, agus gal deatuighe:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus taisbeánfad iongantaisí san spéir thuas, Agus míorbhailtí ar an talamh thíos; Fuil, agus teine, agus gal deataigh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus taispeánfaidh mé na hiontais i spéartha neimhe agus na comharthaí ar an talamh thíos, fuil, agus tine, agus néalta deataigh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.