Acts 2:23 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ghlac sibh an tÍosa sin de réir an rúin dhiongbháilte agus an réamheolais a bhí ag Dia, agus chéas sibh agus dʼimir sibh bás air le lámha nár ghéill don dlí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle chinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, dá thairneáil ar an gcros trí lámha mallaitheoirí.