Acts 2:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do thóg Día súas, íar sgáoileadh dhoilghis an bháis: ar a nadhbhar nar bhéidir don bhás a chungbháil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht d’aithbheodhuigh Dia é, tar a éis dó pianta an bháis do scaoileadh: óir níorbh fhéidir go gcongbhóchadh an bás é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach is amhlaidh a thóg Dia é, agus scaoil sé arraingeacha an bháis, ó nárbh fhéidir don bhás greim a choinneáil air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d' fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach thóg Dia ó mhairbh é agus dʼfhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi: