Acts 2:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin ar na bhreith súas lé láimh dheis Dé, agus ar bhfagháil an Spioraid Náoimh do reir gheallamhna a Nathar, do dhóirt sé amach an nísi, do chíthísi a nois agus do chluintí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ar n‐a árdú, mar sin, le láimh dheis Dé, fuair sé ó’n Athair an Spiorad Naomh do bhí geallta, agus do dhoirt sé amach é seo, atá le feicsin agus le clos agaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ardaíodh mar sin é go láimh dheas Dé, agus ghlac sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta aige, agus is é a dhoirt anuas a bhfuil le cluinstin agus le feiceáil agaibhse.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá dá fheiceáil agus dá chloisteáil agaibh-se.