Acts 2:41 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin na dáoine do ghabh chuca a bhríathra go toileamhail do baisdeadh íad: agus do cuireadh léo an lásin a dtimcheall thrí míle anam.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do baisteadh iad‐san do ghlac le n‐a bhriathar: agus do cuireadh leo an lá sin tuairim trí míle anam.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Baisteadh mar sin an méid acu a ghlac lena bhriathar, agus cuireadh faoi thrí mhíle anam sa bhreis leo an lá céanna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.