Acts 2:46 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag fanmhuin, gach láoi déantoil ann sa teampoll, agus ag briseadh aráin ó thigh go tigh, do chaithdís bíadh maille lé gáirdeachas agus lé simplidheachd chroidhe,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhanaidís gach lá d’aon toil san teampall, agus do bhrisidís arán ó thigh go thigh, ag caitheamh a mbidh le h‐áthas agus le simplidheacht croidhe,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhídis ó lá go chéile ag taithí theampall Dé i gcuideachta a chéile agus ag briseadh aráin sa bhaile, agus ag blaiseadh a mbia le lúcháir agus le féile chroí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí