Acts 2:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair chualathas an torann sin, do chruinnigh na daoine le chéile, agus do bhí mearbhall ortha, de bhrigh gur airigh gach duine aca a theanga féin d’á labhairt aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chruinnigh an slua leis an bhfuaim sin, agus bhí mearbhall orthu, mar chuala gach duine acu iad ag labhairt ina theanga dhúchais.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus nuair a chualathas an glor úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin á labhairt acusan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus nuair a chualathas an glór úd chruinnigh an slua agus iad ar mearbhall de bhrí gur chuala gach duine a theanga féin dá labhairt acu-san.