Acts 20:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadarsan an tóganach léo na bheáthuigh, agus níor bheag a ngáirdeachus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus rugadar leo an buachaill ’n‐a bheathaidh, agus níor bheag an t‐áthas do bhí ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug siadsan an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug siad-san an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu.