Acts 20:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar ndul a luing dhúinne do shéolamar go Hassós, ar chor go mbéuramis Pól linn as: oír is mar sin dórduigh sé é, chum go nimtheachadh sé féin da chóis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht ag dul ar bórd luinge dhúinne, do chuamar fá sheol go h‐Assos, ag súil le Pól do thabhairt isteach: mar bhí socruighthe aige féin, agus é ar an intinn taisteal ar tír.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asos, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige mar bhí sé féin le dul ann dá chois.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuamarna ar aghaidh go dtí an long agus seo chun siúil linn go dtí Asas, áit a rabhamar chun Pól a thógáil ar bord de réir mar a bhí socraithe aige–mar bhí sé féin le dul ann dá chois.