Acts 20:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag séoladh dhúinn as sin, tangamar lá ar na mhárach as comhair Chiós; agus an lá na dhiáigh tangamar a dtir a Sámos, agus dfanamar a Dtrogillium, agus tangamar lá ar na mhárach go Milétum.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, thángamar os cómhair Chíos, lá ar n‐a bhárach; agus an chéad lá eile thángamar i dtír i Samos; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shroicheamar Mílétus.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Sheolamar as sin an lá ina dhiaidh sin gur thángamar os coinne Chíos; an lá ina dhiaidh sin thángamar i gcaladh i Sámós; agus i ndiaidh lae eile shroicheamar Milétus.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samos an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Míléatas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samas an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Miléatas.