Acts 20:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do chuir Pól roimhe seóladh ré táobh Ephesus, deagla go gcuirfidhe moill ar bith air ann sa Násia: oír do bhí deithfir air, chum da madh éidir dhó é, go mbíadh sé a Níarusalém fa Chingcís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do bhí socruighthe ag Pól seoladh thar Eiféis, i dtreo nach gcuirfidhe aon mhoill air san Áise; óir bhí deithneas air, chum dá mb’ fhéidir é, bheith i nIarúsalem lá Cingcíse.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mbʼfhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun a bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mbʼfhéidir dó é.