Acts 20:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briathar, táinic sé don Ghréig,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do ghluais sé tríd na críochaibh sin, agus do chuir sé ar a meisneach iad le mórán cainnte, tháinig sé isteach san nGréig.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Shiúil sé na háiteanna úd agus dúirt sé mórán leo le misneach a chur iontu, agus chuaigh sé ansin chun na Gréige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagadh á thabhairt aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí na críocha sin siúlta aige agus mórán spreagtha tugtha aige do na Críostaithe, tháinig sé go dtí an Ghréig agus thug trí mhí ann.