Acts 20:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus féuch, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach, anois, atáim ag dul fá cheangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a fhios agam créad atá i ndán dom annsin:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus seo anois ar mo bhealach go hIarúsailéim mé, ó chuir an Spiorad de cheangal orm é, agus gan fhios agam cad é a thiocfas orm ansin;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go Iarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus anois, féach, agus mé i mo chime ag an Spiorad táim ag dul suas go hIarúsailéim agus gan a fhios agam céard atá in áirithe dom ann