Acts 20:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar éis trí mí do chaitheamh annsin do cheap na h‐Iúdaigh cóimhchealg ’n‐a aghaidh, agus é ar tí imtheachta go Siria, agus do shocruigh sé ar fhilleadh tríd an Mhaiceadóin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSír nuair a rinne na Giúdaigh comhcheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí sé ar tí dul ar bord loinge go dtí an tSiria nuair a rinne na Giúdaigh comh-cheilg ina choinne. Chinn sé dá bhrí sin ar dhul ar ais tríd an Macadóin.