Acts 20:31 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh, nár sguir misi ar feadh thrí mbliadhan ag teagusg gach áon díbh do ló agus doidhche maille ré déuruibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin bidhidh ag faire, agus tabhraidh chum bhúr gcuimhne nár scuireas de lá ná d’oidhche, ar feadh trí bliadhan de theagasc do thabhairt daoibh le deoraibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bígí ar bhur bhfaichill mar sin, agus go mba chuimhin libh na trí bliana nach raibh stad orm oíche ná lá ach ag cur comhairle ar gach duine agaibh agus na deora ag teacht liom.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is d' oíche agus na deora i mo shúile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bígí ag faire dá bhrí sin agus cuimhnígí air nár stad mise ar feadh trí bliana ach ag tabhairt comhairle don uile dhuine agaibh de lá is dʼoíche agus na deora i mo shúile.