Acts 20:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nois, a bhráithréacha, cuirim sibh ar cumairce Dé, agus bhríathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil súas, agus oíghreachd do thabhuirt díbh a bhfochair na nuile náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus anois, cuirim fá choimirce Dé, agus fá bhriathar a ghrása sibh, go bhfuil ar chumas dó bhúr dtógáil suas, agus oidhreacht do thabhairt daoibh i measc na naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus anois cuirim ar choimirce Dé sibh agus fágaim sibh ar chúram bhriathar a ghrásta-san; ar féidir leis cothú spioradálta a chur ionaibh agus an oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an dreama atá naomhaithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fágaim sibh anois faoi choimirce Dé agus bhriathar a ghrásta atá in ann sibh a thógáil suas agus oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an phobail naofa go léir.