Acts 20:35 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do bhíos im’ eisiompláir dhaoibh ins gach éinnidh, g‐á thaisbeáint daoibh gur ag obair ar an gcuma sin ba dhual daoibh cuidiú leis na daoinibh laga, agus cuimhniú ar bhriathraibh an Tighearna Íosa, mar adubhairt sé, Is mó is beannuighthe bronnadh ’ná glacadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhínn ar gach dóigh ag taispeáint daoibh go gcaithfear saothrú mar seo le cuidiú a thabhairt don duine lag, ag cuimhneamh ar bhriathra an Tiarna Íosa agus ar an rá sin óna bhéal féin, ‘Is móide is beannaithe tú as bheith ag tabhairt uait ná as bheith ag bailiú chugat.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir mé ar bhur súile daoibh i gcónaí gur ag obair mar sin ba cheart cabhrú leis na laga agus cuimhneamh ar ráiteas úd an Tiarna mar a ndúirt sé gur mó is méanar rud a thabhairt uait ná rud a fháíl.”