Acts 20:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag deanamh tuirse go mormhór fan mbréithir a dubhairt sé, Nach bhfaicfidís a aghaidh ó sin súas. Agus do chúadar leis gus an luing.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do phógadar é, agus ba mhóide a mbrón go mór an focal adubhairt sé, nach bhfeicfidís a ghnúis arís. Agus annsin do thíodhlacadar é ar a bhealach go dtí an long.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus ba é an chúis ba mhó lena mbrón an focal a bhí ráite aige, nach bhfaighidís an dara hamharc ar a ghnúis-sean. Agus thug siad comóradh dó chomh fada leis an long.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é rud a chuir an chumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é rud a chuir an cumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.