Acts 20:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an céud lá don tseachdmhuin, ar gcruinniughadh do na deisciobluibh a gceann a chéile, do bhriseadh arain, do bhrigh go raibh fáoi Phól imtheachd úatha lá ar na mhárach; do rinne sé seanmóir go meadhón oidhche.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, agus sinn cruinnighthe le chéile chum arán do bhriseadh, do bhí Pól ag tabhairt seanmóire dhóibh, mar bhí sé de rún aige imtheacht lá ar n‐a bhárach; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an mheadhon‐oidhche.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An chéad lá den tseachtain, nuair a bhíomar cruinn leis an arán a bhriseadh, bhí Pól ag comhrá leo, ó bhí rún aige imeacht an lá arna mhárach; agus lean sé dá chaint go dtí meán na hoíche.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.