Acts 20:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do shuidh ogánach áirighe dár bhainm Eutichus ar fuinneóig, air dtuitim na chodladh go trom: agus ar mbeith do Phól a bhfad ag déunamh seanmóra, air na shárughadh tré chodladh, do thuit sé síos ón treas lota, agus do tógbhadh súas marbh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí fear óg darbh ainm Eútuchus ’n‐a shuidhe ar an bhfuinneoig, agus trom‐chodladh air; agus, mar bhí Pól ag cainnt i bhfad, do ghabh an codladh treise air gur thuit sé síos ó’n treas lochta, agus do tógadh suas marbh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí ógánach darbh ainm Eutachos ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí ógánach darbh ainm ‘Eotachas’ ina shuí ar leac na fuinneoige agus de réir mar a chuaigh caint Phóil chun fadála thit sé ina chnap codlata agus leis an gcodladh a bhí air thit sé ón tríú hurlár go talamh síos agus nuair a tógadh é bhí sé marbh.