Acts 21:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd chugainne dhó, do ghlac sé crios Phóil, agus ag ceangal a lámha agus a chosa féin, a dubhairt sé, Mar so a deir an Spiorad Náomh, Is ar an gcorsa cheingéoluid na Iúdaidhe an té lér leis an chrios so a Niarusalém, agus do bhéuruid síad a láimh na Gcineadhach é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag teacht chugainn dó, agus ag tógáil creasa Phóil, do cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus adubhairt, Is é adeir an Spiorad Naomh, Ar an gcuma so, is eadh cheanglóchas na h‐Iúdaigh i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐bhéarfaidh siad ar lámhaibh do na Cineadhachaibh é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.’ ”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, á rá: «Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tháinig sé inár leith, thóg sé crios Phóil agus cheangail a chosa agus a lámha féin, dá rá: “Seo mar a deir an Spiorad Naomh: an fear ar leis an crios seo, ceanglóidh na Giúdaigh mar sin é in Iarúsailéim agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.”