Acts 21:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tangadar cuid do na deisciobluibh linn ó Shéasaréa, agus tugadar seindeisciobal áirighe léo, dár bhainm Mnason do rugadh a Cíprus, aga mbeimís ar ósda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig i n‐éinfheacht linn cuid de na bráithreachaibh ó Chéasaria, agus thugadar leo Mnasón ó Chuprus, sean‐deisceabal, go rabhamar le bheith ar aoigheacht aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig cuid de na deisceabail ó Chéasaráia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnásóin, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig cuid de na deisceabail ó Chaesairia lenár gcois agus thug siad sinn go dtí teach Mhnasón, seandeisceabal ón gCipir, go mbeimis ar lóistín aige.