Acts 21:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na chlós so dhóibhsion, tugadar glóir don Tighearna. Agus a dubhradar ris, Do chí tusa, a bhráthair, ga mhéud míle do na Iúdaidhibh tháinic chum creidimh; agus átaid uile lán do ghrádh an reachda:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐chualadar é, thugadar glóir do Dhia; agus adubhradar leis, Do‐chí tú, a bhráthair, na mílte móra dhíobh‐san go bhfuil an creideamh aca atá i measc na nIúdach; agus atáid uile láin‐dílis do’n reacht:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuala siad é, thug siad glóir do Dhia. Agus ar siadsan leis, “Feiceann tú, a bhráthair, na mílte a ghlac leis an gcreideamh i measc na nGiúdach; agus cad é chomh díograiseach agus atá siad i dtaobh an dlí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a chuala siadsan an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: «Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus atá siad go léir dúthrachtach don dlí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus nuair a chuala siad-san an scéal, thug siad glóir do Dhia dá chionn. Ansin dúirt siad: “Feiceann tú féin, a bhráthair, a liacht míle duine de na Giúdaigh a bhfuil an creideamh glactha acu agus iad go léir dúthrachtach don dlí.