Acts 21:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Beir íad so leachd, agus glantar thú maille ríu, agus caith léo, ionnus go mbearrfaudís a gcinn: agus aithéonaidh gach uile dhuine, nach bhfuil éifeachd ann ar cuireadh ort; achd go siobhlann tú féin ag coimhéud an reachda.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
beir leat iad‐san, agus glantar thú i n‐éinfheacht leo, agus íoc as a gcostas, chum go mbearrfaidh siad a gcinn: annsin béidh a fhios ag gach duine nach bhfuil aon fhírinne san méid do h‐inniseadh dhóibh id’ thaobh; acht go siubhalfair féin i gceart, mar chosantóir an reachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
glac na fir seo agus bí tusa do dʼíonghlanadh féin ina gcuideachta, agus íoc a gcostais, go mbearra siad gruaig a gcinn. Beidh a fhios ag an saol uile mar sin nach bhfuil fírinne ar bith sa mhéid a insíodh dóibh fút, ach go gcaitheann tú do bheatha in umhlaíocht don dlí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Beir leat iad agus déan tú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Beir leat iad agus déan thú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.