Acts 21:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dtáobh ar chreid do na Cineadhachuibh, do sgríobhamairne agus dórdaigheamar dhóibh gan a leithéid sin do ghnáthughadh, achd amháin íad féin do choimhéd ó gach ní íodhbarthar díodhaluibh, agus ó fhuil, agus ó néithibh tachduighe, agus ó sdríopachus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht i dtaobh na gCineadhach do chreid, do cheapamair‐ne, agus do scríobhamar go staonfaidís ó gach nidh íodhbartar d’íodhalaibh, agus ó fhuil, agus ó’n nidh do tachtadh, agus ó dhrúis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach i dtaca leis na Gintlithe a ghlac le creideamh, tá litir scríofa againn chucu lenár mbreith go staonfadh siad ónar íobraíodh dʼíola, agus ó fhuil agus ó fheoil ainmhithe a tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu a achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Maidir leis na gintlithe a bhfuil an creideamh glactha acu, chuireamar féin litir chucu dá achtú dóibh staonadh ó bhia íobartha, ó fhuil, ó bhia a tachtadh agus ón bpósadh coil.”