Acts 21:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag éighmhe, Cóbhair, a chlanna Isráel: A sé so an fear, theaguisgeas an gach uile áir a naghuidh an phobuil, agus an reachda, agus na háitesi: agus tuilleadh eile fós tug sé Gréuguigh a steach don teampoll; agus do shaluigh sé a náit náomhthasa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do ghlaodhadar, A chlanna Israel, cabhair: Seo é an duine atá ag múineadh na ndaoine go léir ins gach áit i gcoinnibh an phobail, agus i gcoinnibh an reachta, agus i gcoinnibh na h‐áite seo: agus thairis sin, thug sé Gréagaigh isteach san teampall, agus atá an áit naomhtha truaillighthe aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus iad ag scairteadh, “A fheara Iosrael, cabhair! Seo an fear a bhíos ag tabhairt teagaisc do na daoine san uile áit atá in aghaidh an phobail is againne agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo; agus lena chois sin thug sé Gréagaigh isteach sa teampall, agus tá an áit naofa seo truaillithe aige.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
ag glao in ard a ngutha: «Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc chách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní amháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
ag glao in ard a ngutha: “Cabhair, a fheara Iosrael. Seo é an duine úd a bhíonn gach aon bhall ag teagasc cách in aghaidh ár gcine agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo. Agus ní hamháin sin ach rug sé Gréagaigh isteach sa Teampall leis agus sháraigh an áit naofa seo.”