Acts 21:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oír do chunncadar Trophimus Ephesíanach na fhochuirsean na chathraigh, roimhe sin, noch do sháoileadar go dtug Pól chum an teampuil é.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do chonnacadar, roimhe sin san gcathair, Trofimus Eiféiseach, agus do shíleadar go dtug Pól isteach san teampall é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar roimhe sin chonaic siad Trófimus an tEiféiseach ina chuideachta sa chathair, agus shíl siad gur thug Pól isteach sa teampall é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is amhlaidh a bhí siad tar éis Troifimeas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is amhlaidh a bhí siad tar éis Trofamas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.