Acts 21:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd a radharc Chípruis, agus ar na fhagbhail air ar láimh chlí dhúinn, do sheólamar go Síria, agus tangamar as sin go Tírus: óir as ann sin bá mián leis an luing a lasd do chur amach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig Cuprus ’n‐ár radharc, d’fhágamar ar an láimh chlé é, agus do sheolamar go Siria, agus thángamar i dtír i dTuire: óir do bhí last na luinge le díluchtú annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a nocht an Chipir dúinn, dʼfhágamar ar ár mbord clé í ag déanamh ar an tSír, agus thángamar i dtír ag Tior; mar ba ansin a bhí ar an long a lasta a dhíluchtú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
nó gur thángamar i radharc na Cipire. D' fhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSír agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
nó gur thángamar i radharc na Cipire. Dʼfhágamar í ar an mbord clé agus sheolamar linn go dtí an tSiria agus chuamar i dtír sa Tuír mar is ansiúd a bhí an bád le díluchtú.