Acts 21:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do bhuáidhreadh an chathuir uile, agus do rith an pobal a gceann a chéile: agus ar mbreith air Phól dóibh, do thairngeadar amach as a teampoll é: agus ar an mball do híadhadh na doirsi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí corruighe mór ar fud na cathrach, agus do bhí na daoine ag rith i n‐éinfheacht le chéile, agus rugadar ar Phól, agus do tharraing siad amach as an teampall é: agus ar ball do dúnadh na dóirse.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhi corraí ann ansin ar fud na cathrach, agus na daoine ag rith le chéile; rug siad ar Phól gur tharraing amach as an teampall é, agus dúnadh na geataí ar an toirt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Leath an gleo ar fud na cathrach go léir; rith an slua le chéile agus rug siad ar Phól agus tharraing amach as an Teampall é. Dúnadh na doirse láithreach.