Acts 21:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar an mball rug seisean saighdiúirighe agus caiptinighe leis, agus do rith sé chucasan: agus an tan do chunncadarsan an túachdarán agus na saighdiúiri, do sguireadar do ghabháil ar Phól.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thug sé leis ar an láthair saighdiúirí agus ceanntúirí, agus do rith sé síos chuca: agus nuair do chonnacadar‐san an t‐árdchaiptín agus na saighdiúirí, do scuireadar de bheith ag bualadh Phóil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ar an bpointe thug sé saighdiúirí agus ceantúirí leis, agus rith sé síos chucu; agus nuair a chonaic siad an treabhann agus na saighdiúirí chucu, stad siad de bheith ag bualadh Phóil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéad leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thug seisean saighdiúirí agus taoisigh chéid leis láithreach agus tháinig ar sodar faoina ndéin. Nuair a chonaic siad an ceannasaí agus na saighdiúirí chucu stad siad de bhualadh Phóil.