Acts 21:33 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin ar ndruíd ris do núachdarán, rug sé air, agus daithin sé á cheangal lé dhá shlabhradh; agus dfíafruigh sé cia hé, agus créd do rinne sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin do dhruid an t‐árdchaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduigh sé a cheangail le dhá shlabhradh; agus d’fhiafruigh sé cia arbh é, agus créad do bhí déanta aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig an treabhann aníos ansin agus ghabh sé é, agus thug sé ordú a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé cé bhí ann agus cad é a bhí déanta aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus d' ordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. D' fhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuaigh an ceannasaí suas chuige agus ghabh é agus dʼordaigh é a cheangal le dhá shlabhra. Dʼfhiafraigh sé ansin cérbh é agus cad a bhí déanta aige.