Acts 21:37 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth do bhí Pól dá bhréith a steach don chaisléun, a dubhairt sé ris a núachdarán, An ceadúigheach dhamh ní labhuirt riot? Agus a dubhairt seision, An labhrann tú Gréigis?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus le linn Pól bheith d’á bhreith isteach san gcaisleán, adubhairt sé leis an árd‐chaiptín, An misde dhom focal do rádh leat? Agus adubhairt seisean, An bhfuil Gréigis agat?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dúnfort, dúirt sé leis an gceannasaí: «An bhfuil cead agam labhairt leat?» D' fhreagair seisean: «An bhfuil Gréigis agat?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus Pól ar tí a thabhairt isteach sa dún-phort, dúirt sé leis an gceannasaí: “An bhfuil cead agam labhairt leat?” Dʼfhreagair seisean: “An bhfuil Gréigis agat?