Acts 21:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Pól, Gán amharus as Iúdaighe misi ó chathruigh ro oirdheirc Tharsus, na Cilícia, agus, guidhim thusa, fulaing dhamh labhuirt ris an bpóbal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Pól, Is Iúdach mé, as Társús Chilicia, cathruightheoir cathrach nach suarach; iarraim ort a leigin dom labhairt leis an bpobal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt Pól á fhreagairt, “Giúdach atá ionam, as Tarsus i gCilicia, saoránach de chathair nach bhfuil gan chlú; iarraim mar achainí ort cead a thabhairt dom labhairt leis na daoine.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Is Giúdach ó Tharsas na Siléise mé,» d' fhreagair Pól, «is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Is Giúdach ó Tharsas na Cilice mé,” dʼfhreagair Pól, “is saoránach de chathair nach suarach mé. Iarraim ort cead a thabhairt dom labhairt leis an slua.”