Acts 21:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’fhanamar annsin seachtmhain: agus do bhíodar g‐á rádh le Pól tríd an Spiorad, gan cos do chur i nIarúsalem.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus dʼfhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fuaireamar roinnt deisceabal agus d' fhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go Iarúsailéim.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fuaireamar roinnt deisceabal agus dʼfhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go hIarúsailéim.