Acts 21:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gcríochnughadh na laétheadh sin, do thríallamar romhain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí an t‐am istigh againn, d’imthigheamar rómhainn ar ár n‐aistear; agus tháinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtiodhlacadh, nó go rabhamar taobh amuigh de’n chathair: agus ar ár nglúnaibh dúinn ar an gcladach, do ghuidheamar, agus d’fhágamar slán ag a chéile;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, dʼimíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus dʼfhágamar slán agus beannacht ag a chéile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,