Acts 22:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chunnairc mé eisean dá rádh rium, Déuna deithbhir, agus imthigh go tapuidh as Iárusalém: óir ní ghéubhuid síad chuca thfíadhnuisi am thimcheallsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus go bhfacas é g‐á rádh liom, Brostuigh ort, agus imthigh go luath as Iarúsalem: óir ní ghlacfaidh siad do theistiméireacht im’ thaobh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ina bhfaca mé é ag rá liom, ‘Déan deifir agus éalaigh leat as Iarúsailéim, mar ní ghlacfaidh siad le dʼfhianaise i mo thaobh.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
chonaic mé é agus é á rá liom: 'Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
chonaic mé é agus é dá rá liom: ‘Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise orm-sa.’