Acts 22:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt misi, A Tighearna, as aithne dhóibhséan go gcuirinnsi a bpriosún an lión do chreideadh ionnadsa agus go ngabhainn orrtha ann gach uile shínagóg:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhras, A Thighearna, is maith is eol dóibh féin go mbínn‐se ag cur gach duine do chreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseadh ins gach sionagóig:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt mé, ‘A Thiarna, tá a fhios acu féin go mbínn ag bualadh an dreama a chreid ionat i ngach sionagóg agus á gcur i bpríosún.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
' Ach, a Thiarna,' arsa mise leis, ' nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
‘Ach, a Thiarna,’ arsa mise leis, ‘nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus dá sciúrsáil?