Acts 22:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreaguir an túachdarán, As mór an tsuim ar a bhfuáir misi sáoirsi na caithreach sin. Agus a dubhairt Pól, Achd is ann a rugadh misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair an t‐árd‐chaiptín, D’íocas‐sa go daor as an tsaoirse so. Agus adubhairt Pól, Acht rugadh mise amhlaidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼfhreagair an treabhann, “Is ar shuim mhór airgid a cheannaigh mise an tsaoránacht seo.” Arsa Pól, “Is amhlaidh atá mise i mo shaoránach ó bhroinn.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: «Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.» «Tá sí agamsa ó dhúchas,» d' fhreagair Pól.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt an ceannasaí dá fhreagairt: “Is ea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.” “Tá sí agam-sa ó dhúchas,” dʼfhreagair Pól.