Acts 22:29 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin an luchd do bhí ar tí a sgíursaighe do imthigheadar úadh ar an mball: agus mar an gcéadna do ghabh eagla an túachdarán, ar bhfagháil a fheasa gur Rómhánach é, agus go dtug sé fa deara a cheangal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, ar an láthair, d’imthigh siad‐san do bhí le n‐a phianadh: agus do bhí eagla ar an árd‐chaiptín, leis, nuair do bhí a fhios aige gur Rómhánach é, agus toisc gur cheangail sé é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin dʼimigh siad ar gcúl ar áit na mbonn, na fir a bhí ar tí a chéasta le heolas a bhaint as; agus bhí a shá eagla ar an treabhann, nuair a thuig sé gur shaoránach Rómhánach é agus go raibh sé ceangailte aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.