Acts 22:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
As Iúdaighe misi gan amharus, rugadh a Dtarsus, na Cilícia, gidheadh as ann sa chathruighsi ag cosaibh Ghamáliel do hoileadh mé, agus do muineadh go diongmhála a ndligheadh ar naithreadh mé, agus do bhí mé ar lasádh do ghrádh Dé, amhail agus atatháoisi uile a niu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lean sé air: «Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Cilice; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailiéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibh-se go léir inniu.