Acts 22:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na mhárach ar mbeith dhó fonnmhair air dheimhin sgéul dfagháil créd í an choir do chuirfidis na Iúdaighe na aghuidhsion, do sgáoil sé é ó na chuibhrighibh, agus tug sé aithne dúachdaráin na sagart agus dá gcomhairle uile teachd do lathuir, agus ar dtabhairt Phóil amach, do chuir sé ann a bhfíadhmuisi é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht lá ar n‐a bhárach, ó ba mhian leis a fhios d’fhágháil go cruinn, créad do bhí ag na h‐Iúdachaibh d’á chur ’n‐a leith, do scaoil sé é, agus d’órduigh sé do na h‐árd‐shagartaibh agus do’n árd‐chómhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól amach, agus chuir sé os a gcómhair é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach lá arna mhárach, ó bhí fonn air fios na fírinne a fháil, cad chuige a raibh na Giúdaigh á chúiseamh, scaoil sé é, agus dʼordaigh sé do na hardsagairt agus don chomhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól anuas leis gur chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lá arna mhárach, d' fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lá arna mhárach, dʼfhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí dá chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an sainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.