Acts 22:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar do ní uachdarán na sagurt fós fíadhnuisi dhamh, agus na sinnsir uile: ó fuáir mé litreacha mar an gcéudna chum na mbrathar, ré dul go Damascus, ar chor go dtiubhruínn leam ceanguilte go Híarusalém an mhuinntir do bhí ann sin, dfagháil piannuide.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Bíodh a fhiadhnaise sin ar an árd‐shagart, agus ar na seanóiribh go léir: ó n‐a bhfuaras litreacha chum na mbráithreach, agus do bhíos ar mo bhealach go Damascus, chum iad‐san do bhí ann do thabhairt ceangailte go h‐Iarúsalem, chum peannaid d’fhágháil annsin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus fágaim a fhianaise sin ar an ardsagart agus ar chomhairle uile na seanóirí. Fuair mé litreacha chuig na bráithre uathusan, agus rinne mé aistear go dtí an Damaisc leis an dream a bhí ansin a ghabháil freisin, agus iad a thabhairt i ngeimhle go hIarúsailéim go gcuirtí pionós orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá an t-ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá an t-ard-sagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go hIarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,